Ná bac leis seo

Déan Samhail Den Am

Déan Samhail Den Am

Íoslódáil:

  1. 1. Saol gan só, is le trioblóid lán.

    Níl dóthain ann le roinnt ar chách.

    Im’ shamhlaíocht a fheicim fís,

    Tá gach aon dóchas lán i gcrích.

    (CÚRFA)

    Déan samhail den am a bheidh saor ó phéin,

    Muid óg arís, an saol ar fheabhas faoin ngréin.

    Déan samhail den am nuair a bheidh muid ag rá:

    “Buíochas, buíochas as an dea-scéal agus fad-saoil breá!”

  2. 2. Fuaim ná glór níor chuala cluas liom riamh,

    Is éirím dall ó bhliain go bliain.

    Ach cloisfidh cluas an ceol go hard.

    Is feicfidh súil tús nua gach lá.

    (CÚRFA)

    Déan samhail den am a bheidh saor ó phéin,

    Muid óg arís, an saol ar fheabhas faoin ngréin.

    Déan samhail den am nuair a bheidh muid ag rá:

    “Buíochas, buíochas as an dea-scéal agus fad-saoil breá!”

    (DROICHEAD)

    Níl dabht ar domhan go bhfuil an saol seo dian.

    Ach sar i bhfad beidh mo rith gan phian!

    (CÚRFA)

    Déan samhail den am a bheidh saor ó phéin,

    Muid óg arís, an saol ar fheabhas faoin ngréin.

    Déan samhail den am lán le gliondar agus spraoi;

    Gach lá saor ó dheacrachtaí an tsaoil!

    (CÚRFA)

    Déan samhail den am a bheidh saor ó phéin,

    Muid óg arís, an saol ar fheabhas faoin ngréin.

    Déan samhail den am nuair a bheidh muid ag rá:

    “Buíochas, buíochas as an saol nua breá!”