Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Ceacht 9

An Féidir le do Theaghlach a Bheith Sona?

An Féidir le do Theaghlach a Bheith Sona?

1. Cén fáth a bhfuil an pósadh riachtanach do theaghlach sona?

Tagann an dea-scéala ó Iehova, an “Dia beannaithe”, nó sonasach, ar mian leis go mbeadh an teaghlach suaimhneach. (1 Tiomóid 1:11) Eisean a bhunaigh an pósadh. Tá pósadh dlíthiúil riachtanach mar cothaíonn sé timpeallacht dhiongbháilte le páistí a thógáil ann. Is cóir do Chríostaithe a bpóstaí a chlárú de réir an dlí áitiúil.​—Léigh Lúcás 2:1, 4, 5.

Cén dearcadh atá ag Dia ar an bpósadh? Is mian leis gur aontas buan a bheadh ann idir fear agus bean. Is mian le hIehova go mbeadh fir agus mná céile dílis dá chéile. (Eabhraigh 13:4) Tá an ghráin aige ar cholscaradh. (Malaicí 2:16) Ach ceadaíonn sé do Chríostaithe colscaradh agus pósadh arís má dhéanann a gcéile adhaltranas.​—Léigh Matha 19:3-6, 9.

2. Cén chaoi ar cheart d’fhear céile agus bean chéile caitheamh lena chéile?

Chruthaigh Iehova fir agus mná le hoibriú as lámh a chéile sa phósadh. (Geineasas 2:18) Mar cheann an teaghlaigh, tá cúram ar an bhfear céile riar a gcáis a sholáthar dá theaghlach agus múineadh dóibh faoi Dhia. Ní mór dó grá neamhleithleach a léiriú dá bhean chéile. Is cóir d’fhir agus do mhná céile grá agus ómós a bheith acu dá chéile. Tá gach fear céile agus bean chéile neamhfhoirfe, mar sin ní mór dóibh foghlaim le maithiúnas a thabhairt dá chéile. Cuireann sé sin go mór le sonas an phósta.​—Léigh Eifisigh 4:31, 32; 5:22-25, 33; 1 Peadar 3:7.

3. An cóir pósadh míshona a thréigeann?

Nuair a bhíonn deacrachtaí agat i do phósadh ní mór don bheirt agaibh iarracht a dhéanamh caitheamh go grámhar lena chéile. (1 Corantaigh 13:4, 5) Ní mholann Briathar Dé idir-scaradh mar réiteach ar na gnáthdheacrachtaí a bhaineann leis an bpósadh.—Léigh 1 Corantaigh 7:10-13.

4. A pháistí, céard atá Dia a iarraidh daoibhse?

Ba mhaith le hIehova go mbeifeá sona sásta. Níl comhairle níos fearr ná comhairle Iehova má tá tú ag iarraidh taitneamh a bhaint as d’óige. Tá sé ag iarraidh ort tairbhe a bhaint as eagna agus taithí saoil do thuismitheoirí. (Colosaigh 3:20) Chomh maith leis sin, is mian le hIehova go mbainfeá sásamh as déanamh toil do Chruthaitheora agus a Mhic.—Léigh Cóheilit 11:9–12:1; Matha 19:13-15; 21:15, 16.

5. A thuismitheoirí, cén chaoi ar féidir le bhur bpáistí a bheith sona sásta?

Is cóir duit oibriú go crua chun bia, dídean agus éadach a sholáthar do do pháistí. (1 Tiomóid 5:8) Chun go mbeidh do pháistí sona, múin dóibh le grá a thabhairt do Dhia agus le foghlaim uaidh. (Eifisigh 6:4) Bíonn tionchar mór ar chroí do pháiste ag an mbealach a léiríonn tú féin grá do Dhia. Is féidir meon do pháiste a mhúnlú ar bhealach dearfach nuair a bhíonn do chomhairle bunaithe ar Bhriathar Dé.—Léigh Deotranaimí 6:4-7; Seanfhocail 22:6.

Téann sé chun leasa do pháistí nuair a thugann tú moladh agus spreagadh dóibh. Teastaíonn iad a cheartú agus a smachtú freisin. Coinneoidh an oiliúint sin slán iad ó iompar a d’fhéadfadh iad a fhágáil ar bheagán sonais. (Seanfhocail 22:15) Mar sin féin, níor cheart go deo páistí a smachtú ar bhealaí atá dian ná cruálach.​—Léigh Colosaigh 3:21.

Foilsíonn Finnéithe Iehova a lán leabhair atá scríofa go speisialta le cabhrú le tuismitheoirí agus le páistí. Tá na leabhair seo bunaithe ar an mBíobla.​—Léigh Salm 19:8, 12.