Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

Cabhróidh an leabhar seo leat tuiscint a fháil ar an méid atá ráite sa mBíobla faoi cheisteanna éagsúla. Ina measc tá, cén fáth an fhulaingt? cá dtéann muid nuair a fhaigheann muid bás? cén chaoi ar féidir lenár dteaghlach a bheith sona sásta? agus tuilleadh.

Cén Cuspóir Atá Ag Dia Dúinn?

B’fhéidir go bhfiafraíonn tú díot féin cén fáth a bhfuil an oiread sin fadhbanna ann inniu. Deir an Bíobla go gcuirfidh Dia deireadh go luath le fadhbanna an duine—fadhbanna ar nós fulaingt, tinneas, agus bás.

CAIBIDIL 1

Cé hÉ Dia?

An gceapann tú go bhfuil suim ag Dia ionatsa? Faigh amach faoi phearsantacht Dé agus an chaoi ar féidir leat a bheith i do chara aige.

CAIBIDIL 2

An Bíobla—Leabhar Ó Dhia

Cén chaoi ar féidir leis an mBíobla cabhrú leat déileáil le fadhbanna pearsanta? Cén fáth ar féidir leat muinín a bheith agat as a chuid tairngreachtaí?

CAIBIDIL 3

Cén Cuspóir Atá ag Dia Don Duine?

Cén chaoi a mbeidh an saol ar an domhan nua nuair a bheidh sé ina pharthas?

CAIBIDIL 4

Cé hÉ Íosa Críost?

Faigh amach cén fáth gurb é Íosa an Meisias, cárbh as a tháinig sé, agus cén fáth a dtugtar “Aonghin Mic” Iehova air.

CAIBIDIL 5

An Éiric—An Bronntanas Is Fearr Ó Dhia

Céard í an éiric? Cén chaoi ar féidir leat tairbhe a bhaint aisti?

CAIBIDIL 6

Cá dTéann Muid Nuair a Fhaigheann Muid Bás?

Faigh amach céard atá ráite sa mBíobla faoi na mairbh agus an chúis atá leis an mbás.

CAIBIDIL 7

Tá Aiséirí Le Bheith Ann!

An bhfuair duine a bhfuil cion agat air bás? An féidir leat iad a fheiceáil arís? Faigh amach céard a mhúineann an Bíobla faoin aiséirí.

CAIBIDIL 8

Céard í Ríocht Dé?

Tá a fhios ag a lán daoine an Ár nAthair, nó Paidir an Tiarna. Céard a chiallaíonn an ráiteas: “Go dtaga do Ríocht”?

CAIBIDIL 9

An Bhfuil Deireadh an tSaoil i nGar?

Féach mar a thugann an meon atá ag daoine sa lá atá inniu ann le fios go bhfuil muid ag maireachtáil san am ar a dtugann an Bíobla na laethanta deireanacha.

CAIBIDIL 10

An Fhírinne Faoi Na hAingil

Cuireann an Bíobla síos ar na haingil agus na deamhain. An bhfuil a leithéid ann? An féidir leo cabhrú linn nó dochar a dhéanamh dúinn?

CAIBIDIL 11

Cén Fáth An Fhulaingt?

Ceapann daoine gurb é Dia is cúis leis an bhfulaingt. Céard a cheapann tusa? Faigh amach céard atá ráite ag Dia faoi chúis na fulaingthe.

CAIBIDIL 12

Cén Chaoi Ar Féidir Leat a Bheith i Do Chara Ag Dia?

Is féidir leat saol a chaitheamh atá taitneamhach le Dia, agus a bheith mar chara aige.

CAIBIDIL 13

Ómós do Bhronntanas na Beatha

Cén dearcadh atá ag Dia ar an nginmhilleadh, fuilaistriú, agus beatha na n-ainmhithe?

CAIBIDIL 14

Is Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona Sásta

Is féidir le fir chéile, mná céile, tuismitheoirí, agus páistí dea-shampla Íosa maidir le grá a leanúint. Céard a fhoghlaimíonn muid uaidh?

CAIBIDIL 15

Ag Adhradh Dé Mar Is Ceart

Féach ar shé rud a dhéanann na daoine atá ag adhradh Dé mar is ceart.

CAIBIDIL 16

Déan Dia a Adhradh

Cé na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith agat agus tú ag caint le daoine eile faoi do chreideamh? Cén chaoi ar féidir leat é seo a dhéanamh gan fearg a chur orthu?

CAIBIDIL 17

Ag Guí Chun Dé

An éisteann Dia le do phaidir? Chun an cheist sin a fhreagairt, ní mór duit tuiscint a fháil ar an méid atá ráite sa mBíobla faoi phaidreacha.

CAIBIDIL 18

Tiomnú Agus Baisteadh

Céard a chaithfidh duine a dhéanamh sula mbaistfear é? Faigh amach céard a chiallaíonn sé agus cén chaoi ar cheart é a dhéanamh.

CAIBIDIL 19

Druid i gCóngar Iehova

Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá a chur in iúl do Dhia as ucht gach atá déanta aige dúinn?

Aguisíní

Míniú ar fhocail agus ar fhrásaí a úsáidtear sa leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?