Ná bac leis seo

An é Íosa Dia Uilechumhachtach?

An é Íosa Dia Uilechumhachtach?

Freagraíonn an Bíobla

 Chuir an dream a bhí in aghaidh Íosa ina leith go raibh sé á chur féin ar aon chéim le Dia. (Eoin 5:18; 10:30-33) Ach, ní dúirt Íosa riamh go raibh sé ar chomhchéim le Dia Uilechumhachtach. Dúirt sé: “mar is mó an tAthair ná mise.”—Eoin 14:28.

 Níor chreid na chéad Chríostaithe go raibh Íosa ar chomhchéim le Dia Uilechumhachtach. Mar shampla, scríobh an t-aspal Pól gur “ardaigh Dia thar na bearta” Íosa tar éis a aiséirí. Is léir nár chreid Pól gurbh é Íosa Dia Uilechumhachtach. Más mar sin a bhí, cén chaoi a bhféadfadh Dia ardú céime a thabhairt dó?—Filipigh 2:9.